5 Mhealladar comhairleoirí le cur ina gcoinne agus lena gcur dá dtreoir. Mar sin a bhí an scéal le linn réimeas Chíorais rí na Peirse, agus anuas go dtí réimeas Dháire rí na Peirse.
6 I dtús réimeas Zearxaes rinne siad gearán scríofa in aghaidh áitritheoirí Iúdá agus Iarúsailéim.
7 Le linn Artaxarxaes, scríobh Mitreadát, Tábael agus a gcomhghleacaithe eile litir ghearáin [in aghaidh Iarúsailéim] go hArtaxarxaes rí na Peirse. Bhí téacs na litreach san Aramais agus in aibítir na hAramaise.
8 Ansin scríobh Rachúm an rialtóir agus Simseai an rúnaí an litir seo leanas go hArtaxarxaes ag gearán faoi Iarúsailéim -
9 Rachúm an rialtóir, Simseai an rúnaí, a gcomhghleacaithe eile, na breithiúna, na gobharnóirí, na feidhmeannaigh Pheirseacha, muintir Uruc, agus na Bablóine agus Shúsa - na hÉalámaigh is é sin -
10 agus na dreamanna eile a sheol Asurbanapal Mór amach agus a bhunaigh sé sa tSamáir agus sa chúige thar Eofrataes.
11 Seo cóip den litir a sheoladar:D'Artaxarxaes rí, beatha agus sláinte ó do shearbhóntaí ón gcúige thar Eofrataes: Sa mhéid