1 Ansin chrom na fáithe Hagaí agus Zacairiá mac Ideo ar fháidheoireacht do na Giúdaigh a bhí in Iúdá agus Iarúsailéim in ainm Dhia Iosrael a bhí ina dteannta.
2 Ansin thosaigh Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar Theampall Dé in Iarúsailéim a thógáil; bhí fáithe Dé in éineacht leo ag tabhairt misnigh dóibh.
3 Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”
4 Chuireadar ceist orthu chomh maith: “Cad is ainm don mhuintir atá i mbun na tógála seo?”
5 Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.
6 Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:
7 chuireadar tuairisc chuige a ghabh mar leanas:Do Dháire rí! Síocháin!