14 Agus na soithí óir agus airgid le Teampall Dé a thóg Nabúcadnazar ón Teampall in Iarúsailéim agus a thug sé leis go dtí an teampall sa Bhablóin, thóg Cíoras rí iad ón teampall sa Bhablóin agus thug ar ais iad do dhuine darbh ainm Séisbeazar, fear a cheap sé ina ghobarnóir.
15 Dúirt sé leis: ‘Tóg na soithí seo; tabhair ar ais iad don sanctóir in Iarúsailéim agus tógtar Teampall an Tiarna ar a láthair bhunaidh.’
16 Tháinig an Séisbeazar céanna dá bhrí sin agus leag sé clocha boinn Theampall Dé in Iarúsailéim; tá sé á thógáil acu riamh ó shin, ach níl deireadh déanta fós.”
17 Déantar, dá bhrí sin, le cead an rí, cuardach i gcartlanna an rí sa Bhablóin, féachaint an fíor é gur eisíodh forógra ó Chíoras rí an Teampall seo Dé in Iarúsailéim a atógáil. Cuireadh an rí a thoil in iúl dúinn i dtaobh an ghnó seo.