3 Ansin is ea a tháinig Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, agus Seatar Bózanaí agus a gcomhghleacaithe chucu agus cheistíodar iad: “Cé thug údarás daoibh an Teampall seo a thógáil agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”
4 Chuireadar ceist orthu chomh maith: “Cad is ainm don mhuintir atá i mbun na tógála seo?”
5 Ach bhí súile a nDé dírithe ar sheanóirí na nGiúdach agus níor chuir siad cosc leo nó go gcuirfí tuairisc go Dáire agus go dtiocfadh freagra oifigiúil ar ais i litir uaidh i dtaobh an ghnó.
6 Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:
7 chuireadar tuairisc chuige a ghabh mar leanas:Do Dháire rí! Síocháin!
8 Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.
9 Chuireamar ceist ar na seanóirí: “Cé a thug údarás daoibh an Teampall seo a thógail agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”