6 Cóip den litir a chuir Tatanaí, gobharnóir an chúige thar Eofrataes agus Seatar Bózanaí agus a chomhghleacaithe, na feidhmeannaigh sa chúige thar Eofrataes, go dtí Dáire rí:
7 chuireadar tuairisc chuige a ghabh mar leanas:Do Dháire rí! Síocháin!
8 Bíodh a fhios ag an rí go ndeachamar go críocha Iúdá, go Teampall Dé Mhóir; tá sé á thógáil de gharbhóga móra cloch, agus tá síleáil d'adhmad á cur leis na ballaí; tá an obair á déanamh le barr cáiréise, agus tá sí ag dul chun cinn le fuinneamh a ngéag.
9 Chuireamar ceist ar na seanóirí: “Cé a thug údarás daoibh an Teampall seo a thógail agus an tsaoireacht seo a dhéanamh?”
10 D'fhiafraíomar díobh freisin cad ab ainm dóibh le go mbeadh a fhios agat; ar an tslí sin d'éirigh linn liosta a dhéanamh den mhuintir atá ag maoirseacht ar an muintir sin.
11 Sé freagra a thug siad orainn: “Searbhóntaí do Dhia neimhe agus talún sinne; tá Teampall á atógáil againn a bhí ina sheasamh mórán blianta go dtí le déanaí; rí mór ar Iosrael a thóg agus a chríochnaigh é.
12 Ach chuir ár sinsir fearg ar Dhia neimhe agus thug seisean ar láimh iad do Nabúcadnazar an Caildéach, rí na Bablóine, agus scrios seisean an Teampall agus rinne sé na daoine a ionnarbadh go dtí an Bhablóin.