1 Ar ordú an rí Dáire rinneadh cuardach sna cartlanna sa Bhablóin mar a raibh na cáipéisí i dtaisce;
2 agus fuarthas in Eacbatana, an dúnfort i gcúige na Méide, scrolla ar a raibh scríofa: “Cuntas:
3 Sa chéad bhliain de réimeas an rí Cíoras, thug Cíoras rí forógra: Teampall Dé in Iarúsailéim: Déantar an Teampall a atógáil mar áit ina n‑ofrálfar íobairtí agus ina dtabharfar ofrálacha [le dó]. Bíodh sé trí fichid banlámh ar fad agus trí fichid banlámh ar leithead.
4 Bíodh trí chúrsa de gharbhóga cloch ann, agus cúrsa adhmaid; íoctar an costas as ciste an rí.
5 Na soithí óir agus airgid, le Teampall Dé, a thóg Nabúcadnazar ón sanctóir in Iarúsailéim, agus a thug sé leis go dtí an Bhablóin, tugtar ar ais iad, i dtreo go ndéanfar gach ní a thabhairt ar ais go dtí an sanctóir in Iarúsailéim agus go gcuirfear isteach i dTeampall Dé arís iad.”