6 “Uime sin, a Thatanai, gobharnóir an chúige thar Eofrataes, a Sheatar Bózanaí agus sibhse a chomhghleacaithe leo, a fheidhmeannacha an chúige thar Eofrataes, imígí ón áit sin,
7 fágaigí faoi ghobharnóir Iúdá agus faoi sheanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil ar a sheanláthair.
8 Agus tugaim foláireamh daoibh gur mar seo a chúideoidh sibh le seanóirí na nGiúdach Teampall seo Dé a atógáil: díoltar an costas go hiomlán gan mhoill leis na fir seo as an gcáin ríoga, is é sin, as cíos an chúige thar Eofrataes.
9 Agus cibé rud a bheidh de dhíth orthu do na híobairtí dóite do Dhia neimhe - tairbh óga, reithí, uain, nó cruithneacht, salann, fíon, ola - tugtar dóibh é le haghaidh an lae, gan teip de réir mar a éileoidh sagairt Iarúsailéim,
10 i dtreo go n‑ofrálfaidís íobairtí taitneamhacha do Dhia neimhe agus go nguífidís fad saoil don rí agus dá chlann mhac.
11 Tá an reacht seo á dhéanamh agam chomh maith: má sháraíonn aon duine an forógra seo, déantar cearchaill a staitheadh as a theach, déantar é a chéasadh uirthi, agus déantar carn aoiligh dá theach.
12 An Dia a chuir a ainm chun lonnaithe ann, go dtreascra sé aon rí nó aon dream a mbeidh sé de dhánaíocht iontu é seo a shárú agus Teampall Dé in Iarúsailéim a scrios! Mise, Dáire, a thug an forógra seo. Déantar é a chomhlíonadh go beacht!”