1 Tar éis na n‑imeachtaí sin, i réimeas Artaxarxaes rí na Peirse, ghabh Eazrá mac Sharáiá, mac Azairiá, mac Hilcíá,
2 mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb,
3 mac Amairiá, mac Mharáiót,
4 mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí,
5 mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -
6 ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.