15 agus freisin leis an airgead agus leis an ór a bhreith leat, a d'ofráil an rí agus a chomhairleoirí go deonach do Dhia Iosrael, atá ag cur faoi in Iarúsailéim,
16 agus chomh maith céanna a bhfaighidh tú d'airgead agus d'ór i gcúige na Bablóine go léir, mar aon leis na hofrálacha deonacha a rinne an pobal agus na sagairt do Theampall bhur nDé atá in Iarúsailéim.
17 Leis an airgead seo ceannaigh go fonnmhar, tairbh, reithí agus uain agus na habhlanna agus na hofrálacha dí a ghabhann leo; agus íobair iad ar altóir Theampall do Dhé atá in Iarúsailéim.
18 An fearasbarr óir agus airgid, caith é mar is áil leat féin agus le do bhráithre de réir thoil do Dhé.
19 Leag na soithí a tugadh duit i gcomhair seirbhís Theampall do Dhé i bhfianaise do Dhé in Iarúsailéim.
20 Aon rud eile a bhíonn de dhíth ar Theampall do Dhé, a tharlóidh a bheidh á chur ar fáil agat, déan é a sholáthar le cabhair chiste an rí.
21 Agus mise, Artaxarxaes rí, tugaim an t‑ordú seo do chisteoirí uile an chúige thar Eofrataes: Cibé rud a iarrfaidh Eazrá, scríobhaí dhlí Dhia neimhe, ceadaigí é ar an toirt,