2 mac Shealúm, mac Zádóc, mac Aichítiúb,
3 mac Amairiá, mac Mharáiót,
4 mac Zarachiá, mac Uizí, mac Bhucaí,
5 mac Aibíosúa, mac Phíneachás, mac Eileázár, mac Árón, an t‑ardsagart -
6 ghabh an fear seo Eazrá suas ón mBablóin. Ba scríobhaí é a bhí oilte ar dhlí Mhaois, an dlí a thug an Tiarna, Dia Iosrael. Thug an rí dó gach ar iarr sé mar bhí gnaoi a Dhé, an Tiarna, air go tréan.
7 Chuaigh líon áirithe Iosraelach, sagairt, Léivítigh, cantairí, gardaí geata, agus tíolacthaigh suas go Iarúsailéim sa seachtú bliain de réimeas Artaxarxaes rí.
8 Tháinig sé siúd go Iarúsailéim ar an gcúigiú mí; ba í an seachtú bliain de réimeas an rí í,