10 de chlann mhac [Bháiní]: Sealóimít mac Ióisifiá agus céad trí fichid fear ina theannta:
11 de chlann mhac Bhaebái: Zacairiá mac Bhaebái, agus ochtar ar fhichid ina theannta;
12 de chlann mhac Azgád: Ióchánán mac Hacátán agus deichniúr agus céad ina theannta;
13 de chlann mhac Adoiníceám: sóisir na clainne darbh ainm: Eilífilit, Ieíéil, agus Seamaiá, agus trí fichid fear ina dteannta;
14 de chlann mhac Bhigví: Útaí mac Zabúd, agus trí fichid fear ina theannta.
15 Chruinnigh mé iad go bruach na habhann a shníonn go hAhavá agus shuíomar campa ansiúd ar feadh trí lá. Rinne mé iniúchadh orthu agus chonaic mé tuataí agus sagairt ina measc, ach gan aon Léivítigh.
16 Chuir mé Eilíeizir, Airíéil, Seamaiá, Ealnátán, Iáiríb, Ealnátán, Nátán, Zacairiá agus Misiulám, dream tuisceanach -