30 Ghlac na sagairt agus na Léivítigh cúram an airgid, an óir agus na soithí, a tomhaiseadh, orthu féin, lena dtabhairt go Iarúsailéim go Teampall ar nDé.
31 Ar an dara lá déag den chéad mhí d'fhágamar abhainn Ahavá ar ár mbealach go Iarúsailéim; bhí gnaoi ár nDé orainn agus chosain sé ar an tslí sinn ó naimhde agus ó róbálaithe.
32 Bhaineamar amach Iarúsailéim agus d'fhanamar ann ag ligean ar scíthe ar feadh trí lá.
33 Ar an gceathrú lá tomhaiseadh an t‑ór agus an t‑airgead i dTeampall ár nDé agus tugadh iad ar a lámha do Mharaemót an sagart, mac Úiríá, agus mar aon leis bhí Eileázár mac Phíneachás; agus ina dteannta bhí na Léivítigh Iózábád mac Iéisiúa agus Nóaidiá mac Bhionúi.
34 Bhí an t‑iomlán ann idir líon agus mheáchan. Breacadh meáchan gach ní ar phár.
35 Um an dtaca sin rinne an mhuintir a d'fhill ón mbraighdeanas, na deoraithe go léir a d'fhill, íobairtí uileloiscthe a ofráil do Dhia Iosrael, dhá tharbh déag thar ceann Iosrael go léir, nócha sé reithe, seachtó seacht uan, agus, mar ofráil pheaca, dhá phocán déag; ofráladh an t‑iomlán mar íobairt uileloiscthe don Tiarna.
36 Cuireadh na treoracha a thug an rí in iúl d'fheidhmeannaigh an rí agus do ghobharnóirí an chúige thar Eofrataes, agus ansin thugadarsan cabhair don phobal agus do Theampall an Tiarna.