Eazrá 9:6-12 ABN

6 agus dúirt:“A Dhia, tá ceann faoi orm agus lasaim le náire agus m'aghaidh á tógáil chugat agam, a Dhia liom, mar méadaíodh ár gcoireanna nó go bhfuil siad níos airde ná ar gceann, agus carnadh suas ár bpeaca ionas go sroicheann sé na flaithis.

7 Ó laethanta ar sinsear i leith is mór í ár gciontacht; agus i ngeall ar ár n‑urchóidí tugadh sinn féin, ár ríthe agus ár sagairt, isteach i lámha ríthe tíortha eile, agus tugadh suas don chlaíomh sinn, don bhraighdeanas, don chreach agus don náire. Agus is amhlaidh atá an scéal inniu.

8 Ach anois, go tobann, tá an Tiarna ár nDia tar éis bheith fabhrach linn; d'fhág sé fuíoll áir againn agus thug sé tearmann dúinn ina áit naofa; sin mar a thug Dia cáil solais dár súile agus cáil faoisimh ónár mbraighdeanas.

9 Óir is daoir sinn. Mar sin féin ní dhearna Dia dearmad dínn inár ndaoirse, ach nocht sé a bhuanghrá inár leith i láthair ríthe na Peirse agus fuair sé cead dúinn Teampall ár nDé a atógáil agus caoi a chur ar a fhothracha agus chuir sé foscadh agus dídean ar fáil dúinn in Iúdá agus in Iarúsailéim.

10 Ach anois céard atá le rá againn, a Dhia, tar éis an chineáltais seo, agus gur thréigeamar d'aitheanta?

11 Na haitheanta a d'aithin tú trí do shearbhóntaí na fáithe á rá: ‘An tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air, is tír é atá neamhghlan mar gur thruailligh na ciní dúchasacha é leis na gráiniúlachtaí lenar shalaigh siad é ó cheann ceann.

12 Uime sin ná tugaigí bhur iníonacha mar mhná chéile dá mic, agus ná tógaigí a n‑iníonachasan mar mhná do bhur mic féin; ná bíodh mairg oraibh faoina síocháin ná faoina gconách siúd, i dtreo go rachadh sibh féin i neart, go n‑íosfadh sibh togha torthaí na tíre agus go bhfagfadh sibh é mar oidhreacht ag bhur sliocht go brách.’