1 Oracal a fuair Habacúc, an fáidh, i bhfís.
2 Cá fhad eile, a Thiarna, a bheidh mé ag glaoch ortagus nach n‑éistfidh tú liomnó ag éamh “Foréigean!”agus nach bhfuasclóidh tú sinn?
3 Cad chuige nach dtaispeánann tú domach an urchóid amháin?Cén fáth a mbíonn tú féinag breathnú ar an ansmacht ar nós cuma liom?Déantar slad agus foréigean os mo chomhairagus is minic a bhíonn achrann agus aighneas ann.
4 Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlíagus nach bhfeictear an chóirá déanamh choíche.Óir faigheann an drochdhuinean ceann is fearr ar an bhfíréanagus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.
5 Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu,agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh.Óir tá obair á déanamh le bhur linnnach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.
6 Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam,an cine fíochmhar fraochmhar úd,a ghluaiseann thar chlár na talúnchun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.
7 Cine uamhnach uafásach is ea iada dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.