13 Tá do shúile róghlan le bheith ag féachaint ar an olc;ní féidir duit breathnú ar an ansmacht.Cén fáth, mar sin, a ndearcann tú ar nós cuma liom ar lucht an fhillagus a bhfanann tú i do thost nuair a alpann an drochdhuineduine eile atá níos fíréanta ná é féin?
14 Caitheann tú leis an gcine daonna mar éisc na maranó mar phéisteanna gan mháistir.
15 Beireann an pobal seo ar chách le duán;tarraingíonn siad isteach iad lena líon;cruinníonn siad le chéile iad lena saighean;ansin bíonn áthas agus lúcháir orthu.
16 Dá thoradh sin ofrálann siad íobairt dá líon,agus dónn siad túis dá saighean;mar, a bhuíochas orthu siúd,bíonn saol na bhfuíoll acu agus flúirse bia.
17 An amhlaidh, mar sin, a leanfaidh siad orthuag folmhú a lín gan stadagus ag marú na náisiún gan trua?