5 Féachaigí ar na náisiúin agus breathnaígí orthu,agus bíodh ionadh agus alltacht oraibh.Óir tá obair á déanamh le bhur linnnach gcreidfeadh sibh é dá n‑inseofaí daoibh é.
6 Óir, féach, tá na Caildéigh á múscailt agam,an cine fíochmhar fraochmhar úd,a ghluaiseann thar chlár na talúnchun seilbh a ghabháil ar áiteanna nach leo féin iad.
7 Cine uamhnach uafásach is ea iada dtagann a ndlíthe agus a n‑ardcheannas uathu féin amháin.
8 Tá a gcapaill níos mire ná liopaird;is fíochmhaire iad ná mic tíre na steipe.Siúd ar aghaidh lena n‑eachra ar cosa in airde;is ó áit i bhfad ar shiúl a thagann siad,ar nós iolair a thugann ruathar anuaschun a chreach a alpadh.
9 Chun foréigean a dhéanamha thagann siad go léir;tá dianteas a n‑aghaidheanna mar an ghaoth anoir;cruinníonn siad cimí le chéile mar ghaineamh.
10 Is cine iad a dhéanann fonóid faoi ríthe,agus gáire faoi phrionsaí,agus beag is fiú den uile dhún.Carnann siad cré ina dtimpeallagus gabhann siad seilbh orthu.
11 Ach ansin athraíonn an ghaothagus titeann sí chun suaimhnis.[Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.