1 Seasfaidh mé ar mo thúr faire;glacfaidh mé m'ionad ar mo rampar,agus beidh mé ar m'fhaichill ansinféachaint céard a déarfaidh sé liom,nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.
2 Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá:“Scríobh síos an fhís;déan í a ghreanadh ar leacaionas go mbeidh sé furasta í a léamh.
3 Óir is le haghaidh a hionú féin amháina tugadh an fhís seo;tá sí ag tnúthán lena comhlíonadhagus ní dhéanfaidh sí bréag.Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;ní theipfidh uirthi choíche.
4 Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”