12 Is mairg don fhear a thógann baile le fuilagus a bhunaíonn cathair le héigeart.
13 Nach é toil Dhia na Slua égur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil?agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.
14 Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarnamar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara.
15 Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana,agus a dhoirteann amach a chuid nimhenó go mbíonn siad ar meisce aigele súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.
16 Tá tú líonta le náire in ionad na glóire.Ól tú féin chomh maith agus nocht d'fhorchraiceann.Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarnaagus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.
17 Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáinagus beidh díothú na n‑ainmhithe ina ábhar scéine duit,mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d'imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
18 Cén tairbhe é íomhá ghreantale go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith?nó dealbh teilgthe, oracal bréagach,le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín intiagus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?