3 Óir is le haghaidh a hionú féin amháina tugadh an fhís seo;tá sí ag tnúthán lena comhlíonadhagus ní dhéanfaidh sí bréag.Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi;mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte;ní theipfidh uirthi choíche.
4 Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige;ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.”
5 Go deimhin is go dearfais fealltach an ní é an [saibhreas].Duine uaibhreach corrthónach is ea an téa leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól,agus atá chomh doshásaithe leis an mBás,an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uileagus a thiomsaíonn na náisiúin go léirar mhaithe leis féin.
6 Nach ndéanfaidh na daoine seo go léiraoir mar gheall air?Nach gcumfaidh siad seanfhocal aithiseach:Is é a déarfaidh siad:“Is mairg don fhear a charnann nithenach leis féin iad - cá fhad eile? -agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.”
7 Nach n‑éireoidh do chreidiúnaithe go tobann?Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú?Ansin creachfaidh siad thú.
8 De bhrí gur chreach tú mórán ciníochacreachfaidh na náisiúin eile go léir thusamar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt túagus de dheasca an fhoréigina d'imir tú ar an tír, ar an gcathairagus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
9 Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin,chun a nead féin a shuíomh os ardagus chun lámh an oilc a sheachaint.