9 Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin,chun a nead féin a shuíomh os ardagus chun lámh an oilc a sheachaint.
10 Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú;nuair a bhasc tú mórán náisiún,is é d'anam féin a chaill tú.
11 Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballaagus tugann na bíomaí freagra orthuón gcreatlach adhmaid.
12 Is mairg don fhear a thógann baile le fuilagus a bhunaíonn cathair le héigeart.
13 Nach é toil Dhia na Slua égur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil?agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.
14 Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarnamar a chlúdaíonn an t‑uisce grinneall na mara.
15 Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana,agus a dhoirteann amach a chuid nimhenó go mbíonn siad ar meisce aigele súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.