12 Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar;satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
13 Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil,chun d'ungthach féin a shlánú.Tá barr theach an drochdhuine briste agatagus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
14 Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra,a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,]amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigina dhíothú go danartha ina n‑uachais.
15 Pasálann tú an mhuir le do chapailltrí bhorradh na n‑uiscí doimhne.
16 Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe;critheann mo bheola leis an nglór;leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámhaagus lúbann mo chosa fúm.Fanaim go ciúin le lá na buarthaatá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
17 Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;rachaidh de thoradh an chrainn olóige;ní thabharfaidh na goirt aon bhia;ní fhágfar caora sa chrónó bó ar bith sa bhuaile.
18 Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna,déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.