14 Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra,a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,]amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigina dhíothú go danartha ina n‑uachais.
15 Pasálann tú an mhuir le do chapailltrí bhorradh na n‑uiscí doimhne.
16 Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe;critheann mo bheola leis an nglór;leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámhaagus lúbann mo chosa fúm.Fanaim go ciúin le lá na buarthaatá le breacadh ar lucht ár n‑ionsaithe.
17 Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth;ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna;rachaidh de thoradh an chrainn olóige;ní thabharfaidh na goirt aon bhia;ní fhágfar caora sa chrónó bó ar bith sa bhuaile.
18 Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna,déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.
19 Is é an Tiarna Dia mo neart;tugann sé dom luathchosa eilite;cuireann sé mé ag céimniúgo daingean buach ar na harda.Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.