7 Feicim bothanna Chúiseáin ar lár,agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
8 An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna?An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh,go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill,nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?
9 Tógann tú do bhogha as a chumhdach:cuireann tú saigheada lena shreang. SelahScoilteann tú an talamh le srutháin.
10 Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad.Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh.Ligeann an duibheagán búir;ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
11 Fanann an ghrian agus an ghealach ina n‑áitreabhó sholas do shaighead eitilteagus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.
12 Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar;satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
13 Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil,chun d'ungthach féin a shlánú.Tá barr theach an drochdhuine briste agatagus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah