1 ar an aonú lá is fiche den seachtú mí, labhraíodh briathar an Tiarna trí bhíthin an fháidh Hagaí mar a leanas:
2 “Labhair le Zarubáibil, mac Sheailtíéil, gobharnóir Iúdá, agus leis an ardsagart Iósua, mac Iózádác, agus le fuílleach uile an phobail mar seo:
3 Cé atá fágtha in bhur measc a chonaic an Teampall seo faoina chéadghlóir? Agus conas a fhéachann sé daoibh anois? Nach neamhní ar fad é in bhur súile?
4 Ach dá ainneoin sin uile bíodh misneach agat, a Zarubáibil, a deir an Tiarna, agus agatsa freisin, a Iósua, a mhic Iózádác, a ardsagairt, agus agaibhse, a mhuintir uile na tíre, a deir an Tiarna. I mbun na hoibre libh anois! Óir táimse in bhur dteannta, a deir Tiarna na Slua.
5 Is ann fós don chonradh a rinne mé libh nuair a tháinig sibh amach as an Éigipt agus tá mo spiorad in bhur measc. Ná bíodh aon eagla oraibh!’
6 Óir is mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘I gceann tamaillín bainfidh mé croitheadh aon uair amháin eile as na spéartha agus as an domhan, as an bhfarraige agus as an talamh tirim.