12 Má bhíonn píosa feola coisricthe á iompar ag duine i bpóca aráin nó le hanraith nó le fíon nó le hola nó le bia ar bith, an mbíonn sé sin coisricthe freisin?’ ” “Ní bhíonn ná coisricthe,” d'fhreagair na sagairt.
13 Dúirt Hagaí ansin: “Duine atá neamhghlan toisc gur bhain sé le marbhán, má bhaineann sé le haon cheann acu sin, an mbíonn sé sin neamhghlan?” “Bíonn go deimhin,” dúirt na sagairt, á fhreagairt.
14 Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: “Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo.
15 “Déanaigí machnamh anois ar a dtarlóidh ón lá seo amach. Sular cuireadh cloch ar mhuin cloiche i dTeampall an Tiarna cén bhail a bhí oraibhse?
16 Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.
17 Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
18 Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh