14 Mar fhreagra air sin dúirt Hagaí: “Is é an dála céanna ag an bpobal seo é agus is é an dála céanna ag an náisiún seo é i mo láthairse, a deir Tiarna na Slua, agus is é an dála céanna ag saothar uile a lámh é agus is neamhghlan freisin cibé ofrálacha a dhéanann siad anseo.
15 “Déanaigí machnamh anois ar a dtarlóidh ón lá seo amach. Sular cuireadh cloch ar mhuin cloiche i dTeampall an Tiarna cén bhail a bhí oraibhse?
16 Nuair a thagadh duine go dtí carn arbhair ar chóir fiche miosúr a bheith ann, ní bhíodh ann ach deich gcinn; nuair a thagadh sé go dtí cantaoir chun caoga dabhach a tharraingt aisti, ní bhíodh inti ach fiche ceann.
17 Le smoladh, coincleach agus clochshneachta mhill mé sibhse agus saothar uile bhur lámh; ach níor fhill sibh orm, a deir an Tiarna.
18 Déanaigí machnamh ar a dtarlóidh ón lá inniu amach (ón gceathrú lá is fiche den naoú mí, ón lá ar leagadh síos bunsraith Theampall an Tiarna), déanaigí machnamh
19 féachaint an gcaithfidh an síol fanacht sa scioból go fóill nó an amhlaidh nach dtabharfaidh an fhíniúin agus an crann fígí agus an phomagránait agus an ológ aon toradh uathu níos mó? Ón lá seo amach cuirfidh mé mo bheannacht oraibh.”
20 Labhraíodh briathar an Tiarna le Hagaí an athuair ar an gceathrú lá is fiche den mhí mar a leanas: