20 Labhraíodh briathar an Tiarna le Hagaí an athuair ar an gceathrú lá is fiche den mhí mar a leanas:
21 “Abair le Zarubáibil, gobharnóir Iúdá: ‘Bainfidh mé croitheadh as na spéartha agus as an domhan.
22 Leagfaidh mé ar lár ríchathaoireacha ríochtaí agus scriosfaidh mé cumhacht na náisiún; leagfaidh mé na carbaid agus na carbadóirí; titfidh capaill agus marcaigh síos, gach ceann acu le claíomh a chomharsan.
23 An lá sin, a deir Tiarna na Slua, glacfaidh mé thú, a Zarubáibil, a mhic Sheailtíéil, a sheirbhísigh liom, agus déanfaidh mé mar a bheadh fáinne séala díot. Óir is tusa atá tofa agam, a deir Tiarna na Slua.