5 Is ann fós don chonradh a rinne mé libh nuair a tháinig sibh amach as an Éigipt agus tá mo spiorad in bhur measc. Ná bíodh aon eagla oraibh!’
6 Óir is mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘I gceann tamaillín bainfidh mé croitheadh aon uair amháin eile as na spéartha agus as an domhan, as an bhfarraige agus as an talamh tirim.
7 Suaithfidh mé na ciníocha uile agus tiocfaidh stórtha na náisiún go léir isteach chugaibh agus líonfaidh mé an Teampall seo le glóir, a deir Tiarna na Slua!
8 Is liomsa an t‑airgead; is liomsa an t‑ór. Is é Tiarna na Slua a deir é.
9 Sáróidh glóir nua an Teampaill seo an chéadghlóir a bhí aige, a deir Tiarna na Slua, agus is san áit seo a dháilfidh mé oraibh an tsíocháin, a deir Tiarna na Slua.’ ”
10 Sa dara bliain de réimeas Dháire rí, ar an gceathrú lá is fiche den naoú mí labhraíodh briathar an Tiarna leis an bhfáidh Hagaí mar a leanas:
11 “Mar seo a labhraíonn Tiarna na Slua: ‘Iarr ar na sagairt breith a thabhairt ar an gceist seo: