1 Briathar an Tiarna a labhraíodh le Ióéil, mac Phatuéil.
2 Éistigí leis seo, a sheanóirí!Tugaigí cluas, a áitritheoirí uile na tíre!Ar tharla a leithéid seo riamh le bhur linn féinnó le linn bhur sinsear?
3 Insígí do bhur gclann éagus insíodh bhur gclann dá sliocht féin éagus insíodh a sliochtsan é do ghlúin eile fós.
4 Cibé rud a d'fhág an gearrthóird'alp an lócaiste éagus cibé rud a d'fhág an lócaisted'alp an preabaire éagus cibé rud a d'fhág an preabaired'alp an scriostóir é.
5 Dúisígí, a mheisceoirí, agus goiligí!Déanaigí olagón faoi shú na bhfíniúna,a lucht olta an fhíona,mar nach bhfuil fliuchadh bhur mbéil de ann!