1 Séidigí an stoc i Síón!Tógaigí gártha rabhaidh ar mo shliabh naofa!Creathnaíodh áitritheoirí uile na tíre!Óir, tá lá an Tiarna ag teacht, tá sé in achmaireacht.
2 Lá dorchadais agus doiléire!Lá scamall agus dúnéalta!Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidirag leathadh thar na sléibhte;ní raibh a leithéid ann riamhná ní bheidh a leithéid ann arísgo ceann na gcianta cairbreacha.
3 Rompu amach tá tine ag ídiú léiagus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh.Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidinach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh;ní théann aon ní slán uathu.
4 Cruth capall a gcruthagus réabann siad leo ar aghaidh ar nós eachra cogaidh.
5 Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibhdéanann siad torann mar thormáil carbadnó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinlighnó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.