11 Ardaíonn an Tiarna a ghlórar thosach a shlua;is do-áirithe an t‑arm atá aigeagus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe.Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin.Cé atá in ann a fhulaingt?
12 “Ach anois féin,” a deir an Tiarna,“filligí ormsa le lándúthracht bhur gcroíagus sibh ar troscadh agus ag gol agus ag olagón;
13 agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.”Filligí chun an Tiarna, bhur nDia,mar tá sé truachroíoch agus trócaireach,mall chun feirge agus lán de bhuanghráagus is aithreachas dó an t‑olc.
14 Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arísagus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidhsa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibhle haghaidh an Tiarna bhur nDia.
15 Séidigí an stoc i Síón!Ordaígí troscadh!Fógraígí comóradh sollúnta!
16 Cruinnigí an pobal,ordaígí tionól,bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile,fiú na naíonáin chíche féin.Imíodh an nuachéile as a sheomraagus an nuachar as a cailleach.
17 Idir an póirse agus an altóirgoileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís:“Coigil do phobal, a Thiarna;ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht,í ina staicín aiféise i measc na náisiún.Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin:‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”