13 agus réabaigí bhur gcroí in ionad bhur mball éadaigh.”Filligí chun an Tiarna, bhur nDia,mar tá sé truachroíoch agus trócaireach,mall chun feirge agus lán de bhuanghráagus is aithreachas dó an t‑olc.
14 Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arísagus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidhsa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibhle haghaidh an Tiarna bhur nDia.
15 Séidigí an stoc i Síón!Ordaígí troscadh!Fógraígí comóradh sollúnta!
16 Cruinnigí an pobal,ordaígí tionól,bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile,fiú na naíonáin chíche féin.Imíodh an nuachéile as a sheomraagus an nuachar as a cailleach.
17 Idir an póirse agus an altóirgoileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís:“Coigil do phobal, a Thiarna;ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht,í ina staicín aiféise i measc na náisiún.Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin:‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”
18 Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thíragus ghlac sé trua dá phobal.
19 D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:“Féach, tá arbhar agus úrfhíonagus ola nua á gcur chugaibh agamagus beidh bhur ndóthain díobh agaibhagus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbharís go deo os comhair na náisiún.