14 Cá bhfios ná go dtiocfaidh aithreachas air arísagus go bhfágfaidh sé a bheannacht ina dhiaidhsa chaoi go mbeidh ofráil arbhair agus íobairt dí agaibhle haghaidh an Tiarna bhur nDia.
15 Séidigí an stoc i Síón!Ordaígí troscadh!Fógraígí comóradh sollúnta!
16 Cruinnigí an pobal,ordaígí tionól,bailígí na seanóirí, tugaigí na leanaí i gceann a chéile,fiú na naíonáin chíche féin.Imíodh an nuachéile as a sheomraagus an nuachar as a cailleach.
17 Idir an póirse agus an altóirgoileadh na sagairt, lucht friotháilte an Tiarna, agus abraidís:“Coigil do phobal, a Thiarna;ná déan ceap magaidh de d'oidhreacht,í ina staicín aiféise i measc na náisiún.Cén fáth a mbeadh sé le rá ag na náisiúin:‘Cá bhfuil a nDia siúd?’ ”
18 Tháinig tocht díograise ar an Tiarna dá thíragus ghlac sé trua dá phobal.
19 D'fhreagair an Tiarna a phobal agus dúirt:“Féach, tá arbhar agus úrfhíonagus ola nua á gcur chugaibh agamagus beidh bhur ndóthain díobh agaibhagus ní dhéanfaidh mé ceap magaidh díbharís go deo os comhair na náisiún.
20 Seolfaidh mé an tuaisceartach i bhfad uaibh;tiomáinfidh mé go dtí talamh loiscneach lom é,a thosach go dtí Muir an Oirthiragus a dheireadh go dtí Muir an Iarthairagus éireoidh bréantas agus drochbholadh uaidhmar tá éachtaí oilc déanta aige.