2 Lá dorchadais agus doiléire!Lá scamall agus dúnéalta!Ar nós na camhaoire tá scaoth líonmhar láidirag leathadh thar na sléibhte;ní raibh a leithéid ann riamhná ní bheidh a leithéid ann arísgo ceann na gcianta cairbreacha.
3 Rompu amach tá tine ag ídiú léiagus tá na lasracha ag loscadh ina ndiaidh.Sula dtagann siad bíonn an dúiche cosúil le gairdín Éidinach is cuma nó fásach folamh í ina ndiaidh;ní théann aon ní slán uathu.
4 Cruth capall a gcruthagus réabann siad leo ar aghaidh ar nós eachra cogaidh.
5 Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibhdéanann siad torann mar thormáil carbadnó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinlighnó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.
6 Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise:iompaíonn a lí orthu uile.
7 Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre;amhail fir chogaidh dreapann siad an balla;téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féinagus ní chlaonann siad óna raon.
8 Ní bhuaileann siad le chéilemar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracáni ranganna gan briseadh.