23 “A chlann Shíón, bíodh áthas agus gairdeas oraibhar son an Tiarna, bhur nDia.Óir, thug sé fearthainn an fhómhair daoibhmar is é is cóir;agus chuir sé flúirse báistí anuas oraibh,fearthainn an fhómhair agus fearthainn an earraigh, mar a dhéanadh sé fadó.
24 Tá na hurláir bhuailte lán d'arbharagus na cantaoirí ag cur thur maoil le húrfhíon agus le hola nua.
25 Tabharfaidh mé daoibh a dhá oireadden mhéid a d'ith an lócaiste agus an preabaireagus an scriostóir agus an gearrthóir,m'arm mór a chuir mé in bhur n‑aghaidh.
26 “Íosfaidh sibh bhur ndóthain agus beidh sibh sách.Molfaidh sibh ainm an Tiarna, bhur nDia,a chaith chomh fial sin libh(agus ní náireofar mo phobal arís go deo).
27 Beidh a fhios agaibh go bhfuilimse i lár Iosrael.Is mise an Tiarna, bhur nDia,agus níl aon Dia eile ann ach mé.Ní náireofar mo phobalsa arís go deo.