5 Ag scinneadh thar mhullaí na sléibhte dóibhdéanann siad torann mar thormáil carbadnó mar chnagarnach lasracha ag ídiú coinlighnó mar arm cumhachtach faoi chóiriú catha.
6 Tá na daoine ag cúbadh rompu le teann duainéise:iompaíonn a lí orthu uile.
7 Réabann siadsan leo ar aghaidh mar laochra láidre;amhail fir chogaidh dreapann siad an balla;téann gach ceann díobh ar aghaidh ina líne féinagus ní chlaonann siad óna raon.
8 Ní bhuaileann siad le chéilemar gluaiseann gach ceann díobh feadh a chasáin féin.Réabann siad leo ar aghaidh trí lár na ndiúracáni ranganna gan briseadh.
9 Ionsaíonn siad an chathair,ritheann siad ar an mballa,dreapann siad suas ar na titheagus déanann siad a mbealach isteach trína fuinneoga ar nós gadaithe.
10 Tá an talamh ar crithagus na spéartha suaite rompu;tá an ghrian agus an ghealach ag dorchúagus na réaltaí ag cailleadh a ngile.
11 Ardaíonn an Tiarna a ghlórar thosach a shlua;is do-áirithe an t‑arm atá aigeagus is cumhachtach an té a chomhlíonann a orduithe.Óir lá mór is ea lá an Tiarna agus is scéiniúil é go deimhin.Cé atá in ann a fhulaingt?