1 “Agus ina dhiaidh sin doirtfidh mé mo spiorad amach ar cháchagus déanfaidh bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonacha tairngreacht;beidh taibhrimh ag bhur seanóiríagus feicfidh bhur bhfir óga aislingí.
2 An uair sin doirtfidh mé mo spioradfiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.
3 Taispeánfaidh mé iontais sa spéir agus ar an talamh,fuil agus tine agus colúin deataigh.
4 “Dorchóidh an ghrianagus beidh an ghealach chomh dearg le fuilnuair a thiocfaidh lá mór scéiniúil an Tiarna.
5 Agus cibé duine a ghlaofaidh ar ainm an Tiarna slánófar é.Óir fágfar fuíoll éigin slán ar Shliabh Shíón,faoi mar a dúirt an Tiarnaagus in Iarúsailéim beidh iarmhar áirithe ann a nglaofaidh an Tiarna orthu.