2 cruinneoidh mé na náisiúin uile le chéileagus seolfaidh mé síos iad go dtí Gleann Iahóiseáfátchun breith a thabhairt orthu ansinmar gheall ar mo phobal agus m'oidhreacht Iosrael;mar scaip siad i measc na náisiún iadagus roinn siad mo thír eatarthu féin.
3 Chaith siad crainn ar mo phobalagus thug siad garsún ar láimh mar mhalairt ar striapachagus dhíol siad cailín ar fhíon agus d'ól siad é.
4 Cad ab áil libh uaimse, a Thuír agus a Shíodónagus a dhúichí na bhFilistíneach?An amhlaidh is mian libh díoltas a imirt orm?Má imríonn sibh díoltas ormcasfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin go tiubh te.
5 Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óiragus a d'iompair isteach in bhur dteampall féinmo chuid earraí sárluachmhara!
6 Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéimleis na Iávánaighagus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!
7 Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibhagus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin
8 Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonachale muintir Iúdáagus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.Is é an Tiarna féin a dúirt é.