5 Sibhse a thóg mo chuid airgid agus óiragus a d'iompair isteach in bhur dteampall féinmo chuid earraí sárluachmhara!
6 Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéimleis na Iávánaighagus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!
7 Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibhagus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin
8 Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonachale muintir Iúdáagus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.Is é an Tiarna féin a dúirt é.
9 Fógraígí é seo i measc na náisiún!Ullmhaígí don chogadh!Gríosaígí na laochra!Tagadh na saighdiúirí go léir i láthairagus gluaisidís leo!
10 Déanaigí claimhte de bhur gcuid socagus sleánna de bhur gcorráin bhainte.Abradh an lag: ‘Is laoch mé.’
11 Tagaigí go tapa,a náisiúna uile na comharsanachta!Bailígí le chéile ansin!(A Thiarna, cuirse do laochra féin chugainn anuas.)