6 Sibhse a dhíol clann mhac Iúdá agus Iarúsailéimleis na Iávánaighagus a sheol i bhfad óna dtír dhúchais féin iad!
7 Féach! Gríosfaidh mé iad chun teacht ón áit ina bhfuil siad díolta agaibhagus casfaidh mé bhur bhfeillbheart ar bhur gceann féin
8 Díolfaidh mé bhur gclann mhac agus bhur n‑iníonachale muintir Iúdáagus díolfaidh siadsan iad leis na Sabaeigh,náisiún atá i bhfad ar shiúl uathu.Is é an Tiarna féin a dúirt é.
9 Fógraígí é seo i measc na náisiún!Ullmhaígí don chogadh!Gríosaígí na laochra!Tagadh na saighdiúirí go léir i láthairagus gluaisidís leo!
10 Déanaigí claimhte de bhur gcuid socagus sleánna de bhur gcorráin bhainte.Abradh an lag: ‘Is laoch mé.’
11 Tagaigí go tapa,a náisiúna uile na comharsanachta!Bailígí le chéile ansin!(A Thiarna, cuirse do laochra féin chugainn anuas.)
12 “Corraíodh na náisiúin iad féinagus tagadh siad go dtí Gleann Iahóiseáfátmar is ansin a shuífidh mé chun breith a thabhairtar náisiúin uile na comharsanachta.