Malaicí 1:8-14 ABN

8 Nuair is ainmhí dall a ofrálann sibh ina íobairt dom, nach olc an mhaise daoibh é? Nuair a ofrálann sibh beithíoch atá bacach breoite dom, nach olc an mhaise daoibh é sin chomh maith? Tairg do do ghobharnóir é. An mbeidh sé sásta leat? Nó, an bhfáilteoidh sé romhat go caoin? a deir Tiarna na Slua.

9 Is ea, mhuise, iarraigí fabhar ar Dhia anois i dtreo go ndéanfaidh sé trócaire orainn! Ach - más sibhse a rinne an rud seo - an bhfáilteoidh sé romhaibh go caoin? a deir Tiarna na Slua.

10 “Faraor géar nach bhfuil duine ar bith in bhur measc a dhúnfadh doirse an Teampaill ionas nach lasfadh sibh tine gan toradh ar m'altóir. Níl mé sásta libh ar aon chor, a deir Tiarna na Slua; agus ní mó ná sin a ghlacfaidh mé le haon íobairt ó bhur lámhasa.

11 Óir, ó éirí go luí na gréine is mór é m'ainm i measc na náisiún agus i ngach áit dóitear íobairt do m'ainm - toirbhirt ghlan; mar is mór é m'ainm i measc na náisiún, a deir Tiarna na Slua.

12 Ach tá sibhse tar éis é a thruailliú, trína rá: ‘Tá bord Dé inmhaslaithe; is díol tarcaisne an bia a leagtar air.’

13 ‘A leithéid de chrá croí,’ a deir sibh, agus cuireann sibh cor in bhur srón chuige go dímheasúil, a deir Tiarna na Slua. Tugann sibh ainmhí éigin chugamsa, bíodh sé bacach nó breoite, agus ofrálann sibh domsa é mar íobairt. An é go gcaithfidh mé glacadh lena leithéid sin uaibhse? a deir an Tiarna.

14 Mallacht ar an gcluanaí a bhfuil ainmhí fireann folláin ina thréad aige agus, tar éis dó móid a dhéanamh, nach n‑ofrálann don Tiarna ach ceann spochta. Óir, is Ardrí mise, a deir Tiarna na Slua, agus is uaimhneach m'ainm i measc na náisiún.