Malaicí 2:9-15 ABN

9 Mar sin de, déanaimse, ar mo shealsa, ceap tarcaisne agus drochmheasa díbhse i lathair an phobail uile, sa mhéid nár lean sibh mo bhealaí, agus go ndearna sibh leatrom in bhur mbreithiúnais.”

10 Nach é an t‑aon athair amháin atá againn go léir? Nach é an t‑aon Dia amháin a chruthaigh sinn? Cén fáth, mar sin, a ndéanaimid feall ar a chéile trí chonradh ár sinsear a shárú?

11 Rinne Iúdá feall ar iontaoibh; rinneadh gníomh gráiniúil in Iosrael agus in Iarúsailéim; óir, tá Iúdá tar éis an Teampall is ionúin leis an Tiarna a thruailliú trí bhean, a adhrann dia deoranta, a phósadh.

12 An té a dhéanann amhlaidh, nár fhága an Tiarna sliocht ná síol aige i mbothanna Iacóib, ná ina measc siúd a ofrálann íobairt do Thiarna na Slua.

13 Seo rud eile atá sibh a dhéanamh: bánn sibh altóir an Tiarna le frasa deor - le caoineadh agus le cneadach - toisc nach dtugann sé aird ar bhith ar bhur n‑ofráil agus nach nglacann sé go grástúil ó bhur lámha í níos mó.

14 Fiafraíonn sibhse, áfach: “Cad chuige sin?” De bhrí go raibh an Tiarna ina fhinné idir tusa agus an bhean a bhí mar chéile agat ó d'óige, an bhean a bhfuil tú tar éis feall a dhéanamh uirthi ainneoin gurbh í do chara cléibh agus do chéile conartha í.

15 Nach ndearna sé aon aonad amháin a bhfuil colainn agus spiorad fite fuaite ina chéile ann? Ach deir sibhse: “Céard eile atá á lorg ag [Dia] ach sliocht diaganta?” Mar sin de, coinnígí slán spiorad na beatha sin agaibh agus ná déanadh aon duine feall ar an mbean atá mar chéile aige óna óige.