3 Cinnte tá an Tiarna mall chun feirgeagus is mór í a chumhacht;Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós.Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm;is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.
4 Tugann sé iomardú don fharraigeagus cuireann sé i ndísc í;triomaíonn sé na haibhneacha go léir.Tá Báiseán agus Cairmeil ag meathlúagus fásra na Liobáine ag feo.
5 Tá na sléibhte ar crith roimheagus na cnoic á leá.Ina láthairsean scriostar an talamh agus an domhan,agus gach duine dá gcónaíonn ann,
6 Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh?Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt?Bladhmann a chuid feirge amach mar thine,agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
7 Is maith é an Tiarna;dún daingean is ea é lá na buartha.
8 Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimircenuair a thagann an díle.Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinneagus rachaidh sé sa tóir ar a naimhdeisteach sa dorchadas.
9 Cén chomhcheilg atá á beartú agaibhín aghaidh an Tiarna?Eisean a t‑ollscriostóir.Tá deireadh leis an ansmacht go deo.