7 Is maith é an Tiarna;dún daingean is ea é lá na buartha.
8 Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimircenuair a thagann an díle.Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinneagus rachaidh sé sa tóir ar a naimhdeisteach sa dorchadas.
9 Cén chomhcheilg atá á beartú agaibhín aghaidh an Tiarna?Eisean a t‑ollscriostóir.Tá deireadh leis an ansmacht go deo.
10 Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha,mar choinleach tirim, go hiomlán.
11 Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgairea bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.
12 Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad,coscrófar agus dísceofar iad.Cé gur smachtaigh mé thú cheana,ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.
13 Brisfidh mé díot anoisan chuing a leag sé ortagus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”