9 Cén chomhcheilg atá á beartú agaibhín aghaidh an Tiarna?Eisean a t‑ollscriostóir.Tá deireadh leis an ansmacht go deo.
10 Ídeofar iad mar sceacha aimhréiteacha,mar choinleach tirim, go hiomlán.
11 Asatsa a tháinig an bithiúnach de chealgairea bheartaigh olc in aghaidh an Tiarna.
12 Deir an Tiarna é seo: “Dá fheabhas agus dá líonmhaire iad,coscrófar agus dísceofar iad.Cé gur smachtaigh mé thú cheana,ní dhéanfaidh mé amhlaidh níos mó.
13 Brisfidh mé díot anoisan chuing a leag sé ortagus réabfaidh mé do chuibhreacha ó chéile.”
14 Tá an t‑ordú seo tugtha ag an Tiarna i do thaobh:“Ní bheidh sliocht orta dtabharfar d'ainm orthu feasta;tógfaidh mé na híomhánna greanta agus na dealbha teilgthechun siúil as teampall do dhéithe;ullmhóidh mé uaigh duit,mar is suarach an duine thú.”