1 Is mairg do chathair na fola,atá lomlán de chamastaíl agus líonta le creachagus nach bhfuil teorainn leis an slada dhéanann sí,
2 Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí,capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith!
3 Eachra ag ionsaí, claimhte ag bladhmadh,sleánna ag drithliú...sluaite gonta, na mílte marbh,coirp gan áireamha bhaineann tuisle as cách!
4 De dheasca oll-líon na ngníomhartha striapachaisa rinne an striapach ghrástúil sciamhach,atá oilte ar orthanna draíochta,agus a chuir daoirse ar na náisiúinlena cuid striapachaisagus ar chiníocha lena horthanna draíochta,
5 féach, táimse i d'aghaidh,a deir Tiarna na Slua.Tógfaidh mé suas do sciortaíchomh hard le d'aghaidhagus taispeánfaidh médo nochtacht do na náisiúinagus do náire do na ríochtaí.
6 Caithfidh mé cac ort,náireoidh mé thúagus déanfaidh mé seó bóthair díot.
7 Agus gach uile dhuine a bhreathnóidh ort,teithfidh sé uait, á rá:“Tá Nínivé léirscriosta!”Cé a chaoinfidh í?Cad as a bhfaighidh mé sólásaithe di?