1 Fís Obaidiá.Mar seo a deir an Tiarna faoi Eadóm;tá scéal faoi cloiste againn ón Tiarna,agus tá teachtaire seolta i measc na náisiún.“Suas linn! Ar aghaidh chun catha linn ina choinne!”
2 “Déanfaidh mé beag thú, féach, i measc na náisiún;beidh tarcaisne ort ag daoine.
3 Chuir uaill do chroí ar seachrán thú,thusa a chónaíonn i scailp na carraige,a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat,a deir i do chroí:‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’
4 Cé go n‑éireofá san aer mar iolar,agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí,theilgfinnse síos as sin thú,”a deir an Tiarna.
5 “Dá dtiocfadh robálaithe chugatnó sladairí san oíche -cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! -nár leor mar shlad acu a ndóthain féin?Dá dtiocfadh lucht bainte caor,nach bhfágfaidís caora díolama?
6 Cad é mar a creachadh Éasau!rinneadh slad ar a sheoda.
7 Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!thiomáin siad go himill do chríoch thú.Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.- ‘Níl aon eagna fágtha aige.’