11 An lá a sheas tú i leataobhan lá a rug strainséirí a mhaoin leo,agus a ghabh coigríochaigh a gheataí isteach,agus a chuir siad Iarúsailéim ar chrainn,ba gheall le duine díobh thú.
12 Ach b'olc an mhaise duit gur gheal leatcás do bhráthar lá a mhí-áidh;go ndearna tú lúcháir faoi mhuintir Iúdá,lá a mífhortúin,agus maíomh lá na duainéise.
13 B'olc an mhaise duit go ndeachaigh tú geata mo phobail isteach,lá a mhillte,gur gheal leat a thubaiste,lá a mhillte,agus go ndearna tú creach ar a mhaoin,lá a mhillte.
14 B'olc an mhaise duit gur sheas tú ag gabhal an bhóthairlena theifigh a theanntú;gur thug tú fuíoll an áir ar láimh,lá a dhuainéise.”
15 Óir tá lá an Tiarna ar an tairseach ag na náisiúin go léir;mar a rinne tú leo, déanfar leat;fillfidh do bhearta ar do mhullach.
16 Faoi mar a d'ól tusa ar mo shliabh naofaólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall;ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu,agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann.
17 Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán,agus beidh siad naofa;agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.