16 Faoi mar a d'ól tusa ar mo shliabh naofaólfaidh na náisiúin go léir mórthimpeall;ólfaidh siad agus beidh na cosa ag imeacht uathu,agus rachaidh siad ar ceal amhail is nach raibh siad riamh ann.
17 Ach ar Shliabh Shíón, fágfar fuíoll a thiocfaidh slán,agus beidh siad naofa;agus gheobhaidh teach Iacóib seilbh ar a shealúchas féin.
18 Beidh teach Iacóib ina thine,agus teach Iósaef ina lasair;agus teach Éasau ina choinleach.Cuirfear trí thine iad, agus loiscfear iad,agus ní fhágfar duine de theach Éasau beo.Tá an Tiarna tar éis labhairt.”
19 “Beidh seilbh ag lucht an Neigib ar Shliabh Éasau, agus ag lucht na nÍsleán ar thír na bhFilistíneach; beidh seilbh acu ar thír Eafráim, agus ar thír na Samáire, agus beidh seilbh ag Biniáimin ar Ghileád,
20 Deoraithe an airm seo, clann Iosrael, beidh seilbh acu ar Fhéinícia, chomh fada le Zárafat. Na deoraithe ó Iarúsailéim, atá in Safárat, beidh seilbh acu ar bhailte an Neigib.
21 Rachaidh lucht ceannais suas go Sliabh Shíón, le Sliabh Éasau a rialú, agus beidh an Tiarna i réim.”