3 Chuir uaill do chroí ar seachrán thú,thusa a chónaíonn i scailp na carraige,a bhfuil [na hardáin] mar áit lonnaithe agat,a deir i do chroí:‘Cé a thabharfaidh síos chun talún mé?’
4 Cé go n‑éireofá san aer mar iolar,agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí,theilgfinnse síos as sin thú,”a deir an Tiarna.
5 “Dá dtiocfadh robálaithe chugatnó sladairí san oíche -cad é mar scrios a dhéanfaidís ort! -nár leor mar shlad acu a ndóthain féin?Dá dtiocfadh lucht bainte caor,nach bhfágfaidís caora díolama?
6 Cad é mar a creachadh Éasau!rinneadh slad ar a sheoda.
7 Mheall do chomhghuaillithe go léir thú!thiomáin siad go himill do chríoch thú.Fuair do pháirtithe an lámh in uachtar ort;chuir do chairde as a raibh do mhuinín gaiste romhat.- ‘Níl aon eagna fágtha aige.’
8 Nach scriosfaidh mé, a deir an Tiarna,na saoithe as Eadóm an lá sin?agus an eagna as Sliabh Éasau.
9 Beidh uafás ar do churaidh, a Théamán,i dtreo go ndíothófar gach duine ó Shliabh Éasau.”